Éirigh Is Cuir Ort Do Chuid Éadaigh Cóiriú

Clannad

Éirigh is cuir ort do chuid éadaigh 
Go mbearraidh mé féin do chúl
Go dté muid 'soir easpag na hÉirne
Go gceangaltar mé 'gus tú 
Bhí grá 's cion agam féin ort 
A chuid 'en tsaol éalaigh liom 
'S nach duine dona gan chéill 
A scarfadh ó chéile sinn 

Aisling a chonaic mé aréir 
Ar leaba agus mé i mo luí
Go dtáinig sí chugam mar fhéirín
Ainnir na gciabhfholt buí 
Bhí a órfholt snoite go féar léi 
Is níl tuile da mhéid nach gclaíodh 
Ó is, a Rí, ér mhiste do chléir é 
Dá gcodlóinn aréir le mnaoi? 

Is trua gan mise is an niamh bheag 
Na leice mílte ó chuan 
In oileán an Chlochair Bhig Chraobhaig 
Mar a thiteas na néalta chun suain 
An áit a mbíonn an nead ag an éanlaith 
An fiolar, an ghéag is an chuach 
Chuirfinnse gease ar an éan bheag 
Solas an lae thabhairt uainn 

Éirigh is cuir ort do chuid éadaigh 
Go mbearraidh mé féin do chúl 
Go dté muid 'soir easpag na hÉirne 
Go gceangaltar mé 'gus tú 
Bhí grá 's cion agam féin ort 
A chuid 'en tsaol éalaigh liom 
'S nach duine dona gan chéill 
A scarfadh ó chéile sinn